Shaskeen Press 2022 As Gaeilge

 
Shaskeen – Caomhnaitheoirí Ceoil na hÉirinn le Leath-chéad Bliain

Ní bhfaidh tú aon ghrúpa ceóil a théann i bhfeidhm ar a lucht éisteachta níos fearr nó níos éifeachtaí ná'n
grúpa SHASKEEN.
Go dtí seo, tá seacht gcinn déag d'albaim ceóil agus amhránaíochta curtha amach ag an mbanna ceóil seo,
agus an t-uafás taistil déanta acu, ní h-é amháin ar fud na h-Éireann ach, freisin, ar fud na Breatainne, na
h-Eórpa agus Stáit Aontaoithe Mheiriocá
Cuireadh tús leis an ngrúpa seo i n-Aibreán na bliana 1970, nuair a d'iarr "Fear-A'-Tí" i dteach ósta an
Oxford Tavern, Kentish Town i Londain Shasana ar Tom Cussen beagán ceóltoirí traidisiúnta a bhailiú le
chéile chun oicheanta ceóil a chur ar bun 'san óstán. Mar thoradh air sin, tháinig SHASKEEN ar an saol
agus tá an banna ar bhóthar an cheóil, i riochtanna éagsúla, ariamh ó shin.
Tháinig borradh nua faoi SHASKEEN i mbliana, nuair a ghlac beirt cheóltóirí cumasacha, Mary Liddy ar
an concertina agus an sár-amhránaí, Katie Theasby, cuireadh chun a bheith páirteach sa mbanna. Is cinnte
go gcuirfidh siad, beirt, go mór le cumas ceóil agus amhránaiochta an chomhluadair.
Tá sé deacair nó, b'fhéidir, do-dhéanta grúpa ceóil a aimsiú atá níos buainne nó níos faide ar an saol ná
SHASKEEN, le ceóltóirí oilte, cumasacha, a bhfuil sár-cleachta ar a gceird acu, agus an ceól Gaelach go
smior iontú.
Is iomaí gradam agus onóir atá buaite ag SHASKEEN le blianta fada anuas ar raidió, telefís agus ar
nuachtáin i dteangaí éagsúla. Seo nasc go dtí clár fáisnéise a rinne TG4 rionnt blianta ó shin: TG4'
Shaskeen 40 Bliain Faoi Bhláth - You Tube.
Má's mian leat SHASKEEN a chur in áirithe, teigh go dtí www.shaskeen.net, nó cuir glaoch ar 087-2485404